Cheannaítí na beithigh ag aonach an Chraoslaigh agus chaití na beithigh a bhriseadh isteach corr uair, thraenáil sé féin iad. Shiúladh siad na bhaile leis an ainmhí i ndiaidh í a cheannach. Chosain an chliobóg £50 do agus bhris sé féin isteach í. Chaití na beithigh a thabhairt na ceárta go minic agus na crúite a athrach achan 6 mhí, bhíodh na rúitíní ag breith ar an talamh, bhíodh siad le gearradh. Micí Coyle ar an Ardaí an gabha a bhí ann san am, bhí fear eile i mBedlam dárbh ainm Peadar Beag. Bhí gabha eile i mBaile an Gheafta, athair Jimí John an Ghabha. Bhí seisreach agus a threalamh féin aige. Rinne sé an obair seo do dhaoine eile fosta, an talamh a fhágáil réidh agus a chur.
D’athraigh rudaí nuair a tháinig na tarracóirí. Mhill siad an talamh. | 00:06:41 | |